Gaelscoil Chluain Meala

Bhronn clann Mhic Cárthaigh geansaí na scoile ar Phádraig Mac Cárthaigh

December 19, 2018


Bhronn clann Mhic Cárthaigh geansaí na scoile ar Phádraig Mac Cárthaigh a tháinig ar cuairt leis an dá bhonn airgid a bhuaigh sé ag na Cluichí Domhanda Eachaíochta sna Stáit Aontaithe le déanaí. Bhí sé mar bhall de  chéad fhoireann na hÉireann a bhuaigh bonn ag an gcomórtas seo agus bhí áthas orainn fáilte a chur roimhe agus an ocáid stairiúil a aithint.