Gaelscoil Chluain Meala

Seachtain na Gaeilge

March 23, 2018

Bhí seachtain na Gaeilge á chéíliúradh againn le déanaí.  Rinneamar ceardlann an tsorcais agus d’fhoghlaíomar conas lamhchleasaíocht a dhéanamh. Cleachtadh a dhéanann máistreacht! D’eagraíomar tráth na gceist boird do Rang 3,4,5 agus 6.  Chuir an grúpa trad ceolchoirm ar siúl dúinn sa Halla. Chomh maith le ceoltóirí bhí rinceoirí againn. Bhaineamar an-taitneamh as agus gabhaimid buíochas leo go léir as a talainn a roinnt linn. Buíochas freisin le Múinteoir Pól a rinne an t-ullmhúcháin leo.